Seachtain na Gaeilge
13th Mar 2026
Bhí Seachtain na Gaeilge ghnóthach ag Rang a Sé. Rinneamar ceiliúradh ar ár dteanga dhúchais le Tráth na gCeist agus Tóraíocht Taisce le Rang a Cúig. Bhí an-spraoi againn leis an dá ghníomhaíocht! Bhí seó tallainne as Gaeilge, Lá Glas agus paráid againn freisin, agus d’imríomar Twister as Gaeilge.
Beatha teanga í a labhairt. 🍀🇮🇪
Beatha teanga í a labhairt. 🍀🇮🇪

